Title
IMRAM
Go Home
Description
Address
Phone Number
+1 609-831-2326 (US) | Message me
Site Icon
IMRAM
Tags
More From This Site
Page Views
0
Share
Update Time
2022-10-04 16:58:14

"I love IMRAM"

www.imram.ie VS www.gqak.com

2022-10-04 16:58:14

BAILEFÚINNFÚINNFOIREANNRIALACHASFOLÚNTAISSCRÍBHNEOIREACHTLÉIRMHEASANNACARTLANNCARTLANNGAILEARAÍCLÁIRTEAGMHÁIL Select Page IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2022Imeachtaí Beo agus Ar LíneLive and OnlineDay(s):Hour(s):Minute(s):Second(s)12–20 SAMHAIN/NOVEMBER 2022A Voyage of DiscoveryAidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. IMRAM brings its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature.FíorbhraonIs breá le IMRAM dul i bpáirt leis an siopa leabhar neamhspleách Books Upstairs le haghaidh sraith de thráthnónta taitneamhacha. IMRAM’s Pure Drop:Cloisfear an chuid is fearr de chruthaitheacht na Gaeilge le linn na seisiún Domhnaigh sin, prós, filíocht agus amhráin in atmaisféar cluthar cabaret sa spás caife in Books Upstairs, Sráid D’Olier i gcroílár na hardchathrach.FíorbhraonImeacht CríochnaitheFÍORBHRAON: IMRAM’S PURE DROPPOETRY WITHCaitríona Ní ChléirchínSeosamh Ó MurchúMícheál Ó Siochrú.SONGS & MUSIC  WITHCeara ConwaySeán MacErlaine Café Books Upstairs | Saor in aisce/Free18 Meán Fómhair / September 2.00pmCuimsíonn stór amhrán Ceara Conway traidisiúin éagsúla, sean-nós na Gaeilge, amhráin Arabacha, Phortaingéalacha agus Afracacha, chomh maith le Cantaireacht Sheoirsiach. Ina teannta beidh Seán MacErlaine, an ceoltóir iltréitheach a léirigh a halbam Caoin. Fuair Caitríona Ní Chléirchín ardmholadh ó lucht Ghradam Mhíchíl Uí Airtnéide 2015 as a máistreacht ar an teanga agus í a bheith in ann sruthanna traidisiúnta a mheascadh le sruthanna comhaimseartha ina cuid dánta. Is úrscéalaí agus file é Mícheál Ó Siochrú. Sraith an-éifeachtach dánta é Scáil an Scéil aige atá faoi anáil Leabhar Sheáin Uí Chonaill. An tírdhreach, cúrsaí staire agus polaitíochta is minic idir chamáin ag Seosamh Ó Murchú ina chuid dánta agus é ag spraoi le foirmeacha difriúla, ón dán fada go dtí an haiku. Bhuaigh a chéad chnuasach Taisí Tosta Duais an Airtnéidigh. FÍORBHRAON: IMRAM’S PURE DROP POETRY WITHJulie FieldDubhán Ó LongáinÁine Uí FhoghlúSONGS WITHLillis Ó Laoire Café Books Upstairs | Saor in aisce/Free25 Meán Fómhair / September 2.00pmIs file sa dá theanga í Julie Field agus amhránaí is ea í chomh maith. Tá aithne mhaith uirthi mar reacaire filíochta faoin ainm Julie Goo. Ba í Seaimpín Slam na Mumhan í sa chomórtas beo 2012. Sa bhailiúchán uaithi Dána, iniúchann sí na dúile Talamh, Aer, Tine agus Uisce. Guth úrnua é Dubhán Ó Longáin agus in IDEO Locator, téann a chuid liricí gearra i ngleic le téamaí an chreidimh agus na gnéasachta le gliceas agus le cruinneas neamhchoitianta. Fuair saothar Áine Uí Fhoghlú moladh ó Chaitríona Ní Chléirchín as an meon ceiliúrtha atá ann agus an teanga chomh beo ina cuid dánta le heascann lúbach. I measc na gcnuasach léi tá An Liú sa Chuan agus Ar an Imeall. Duine de mhóramhránaithe na tíre é Lillis Ó Laoire agus chomh maith le sean-nós agus béaloideas, scríobhann sé a lán faoi litríocht na Gaeilge. Imeacht CríochnaitheFÍORBHRAON: IMRAM’S PURE DROPPOETRY AND PROSE WITHCatherine Foley Eoghan Mac Giolla BhrídeMícheál Ó hUanacháinSONGS  WITHMáire Ní Choilm Café Books Upstairs | Saor in aisce/Free02 Deireadh Fómhair / October 2.00pm Craoltóir agus scríbhneoir í Catherine Foley agus is minic le cloisteáil í ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Sunday Miscellany. Caitheann sí súil siar ar na seanlaethanta sa bhailiúchán Ag Marú Maicréal agus aimsítear draíocht i ngnáthimeachtaí ann. Gearrscéalaí, drámadóir, aisteoir, scannánóir agus foilsitheoir é Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá lé aige leis an osréalachas agus síneann a chanbhás ó Ghaoth Dobhair go Guatamala. Ó na seascaidí i leith, tá Mícheál Ó hUanacháin i ngleic le foirmeacha éagsúla agus saothar ó theangacha difriúla mar chuid dá obair chruthaitheach. An leabhar is déanaí uaidh ná Féach Gach Treo, cnuasach gearrscéalta. Is iomaí duais atá buaite ag Máire Ní Choilm ag an Oireachtas agus ag an bhFéile Pan-Cheilteach. Amhránaí is ea í a mheallfadh an chéirseach ón gcraobh. FÍORBHRAON: IMRAM’S PURE DROP POETRY WITHColm BreathnachAilbhe Ní GhearbhuighSimon Ó FaoláinSONGS WITHCaitríona O’Leary (from Dúlra) Café Books Upstairs | Saor in aisce/Free09 Deireadh Fómhair / October 2.00pm Pléann Colm Breathnach an t-achar sin a dtagann a thaithí phearsanta agus ceisteanna sóisialta le chéile agus tugann Tadhg Ó Dúshláine ‘Bruce Springsteen na Gaeilge’ air. Molann Tadhg chomh maith grástúlacht a chuid liricí rómánsacha i mbailiúcháin ar nós Cantaic an Bhalbháin. Bhuaigh Ailbhe Ní Ghearbhuigh Duais Lawrence O’Shaughnessy sa bhliain 2020. Fuair cnuasach dátheangach léi The Coast Road ardmholadh ó Nuala Ní Dhomhnaill: ‘féasta don tsúil agus sólás don chroí’. Sa chnuasach is déanaí uaidh, Iasachtaigh, pléann Simon Ó Faoláin an deoraíocht agus an coimhthíos i ndánta a théann i ngleic le taithí na dteifeach in Éirinn. Tá cáil idirnáisiúnta ar an amhránaí Caitríona O’Leary agus í in ann amhráin mheánaoiseacha a chanadh go seoigh chomh maith le hamhráin ár linne. Tá breis is scór albam eisithe aici leis an mbanna Dúlra. Léigh an Clár mar FlipbookColm BreathnachPoetry Reading, 09 Deireadh Fómhair 2022Pléann Colm Breathnach an t-achar sin a dtagann a thaithí phearsanta agus ceisteanna sóisialta le chéile agus tugann Tadhg Ó Dúshláine ‘Bruce Springsteen na Gaeilge’ air. Molann Tadhg chomh maith grástúlacht a chuid liricí rómánsacha i mbailiúcháin ar nós Cantaic an Bhalbháin. Ailbhe Ní GhearbhuighPoetry Reading, 09 Deireadh Fómhair 2022Bhuaigh Ailbhe Ní Ghearbhuigh Duais Lawrence O’Shaughnessy sa bhliain 2020. Fuair cnuasach dátheangach léi The Coast Road ardmholadh ó Nuala Ní Dhomhnaill: ‘féasta don tsúil agus sólás don chroí’.Simon Ó FaoláinPoetry Reading, 09 Deireadh Fómhair 2022Sa chnuasach is déanaí uaidh, Iasachtaigh, pléann Simon Ó Faoláin an deoraíocht agus an coimhthíos i ndánta a théann i ngleic le taithí na dteifeach in Éirinn.Caitríona O’LearySongs, 09 Deireadh Fómhair 2022Tá cáil idirnáisiúnta ar an amhránaí Caitríona O’Leary agus í in ann amhráin mheánaoiseacha a chanadh go seoigh chomh maith le hamhráin ár linne. Tá breis is scór albam eisithe aici leis an mbanna Dúlra.Clár IMRAM 2022 ag teacht go luath FollowFollowFollowBeartas Príobháideachas © 2021 IMRAM | All Rights Reserved FacebookTwitterLinkedInMore Networks:root{--ss-fsidebar-spacing: 0px} #ss-floating-bar{left: 0;}Share via FacebookTwitterLinkedInMixEmailPrintCopy LinkPowered by Social SnapCopy link CopyCopied Powered by Social Snap